Oibrithe fós i mbun seilbhe ar Chriostal Phort Láirge

Gaelic translation of Ireland: Workers continue occupation of Waterford Crystal (February 5, 2009)

Oibrithe laistigh de Chriostal Phort Láirge
Oibrithe laistigh de Chriostal Phort Láirge

Tá sealbhaíocht leanúnach na n-oibrithe ar mhonarcha Chriostal Phort Láirge i gCill Bharra ag dul isteach ina séú lá.

Thosaigh an tsealbhaíocht nuair a tugadh le fios d’oibrithe Dé hAoine 30 Eanáir go raibh an comhlacht ag cur stad le táirgeadh go láithreach agus go raibh báta agus bóthar á dtabhairt do 480 as 700 oibrí na monarchan.

Bhí an comhlacht faoi ghlacadóireach le mí nuair a rinne David Carson ó Deloitte, an riarthóir ceaptha ag na bainc, nuair a rinne sé an fógra tobann. Gheall sé do na hoibrithe roimhe sin nach mbeadh aon chinneadh ann a fhad is go raibh suim ag infheisteoirí sa chomhlacht agus go dtí go ndeachnaigh sé i gcomhairle leis na ceardchumainn i dtaobh na ceiste.

Dhiúltaigh oibrithe a raibh feargach faoin chaimiléireacht seo an suíomh a fhágáil ansin agus ó bhí an Aoine ann tá siad i mbun seilbhe ar an mhonarcha. Móidíonn siad nach bhfágfaidh siad go dtí go bhfreaschuirtear an cinneadh an mhonarcha a dhruidim agus go dtí go bhfuil Carson sásta labhairt leo.

Oibrithe i mbun seilbhe ar oifig Deloitte i mBÁC
Oibrithe i mbun seilbhe ar oifig Deloitte i mBÁC

Tá lámh ag timpeall 200 oibrí sa tsealbhaíocht faoi láthair, agus tá siad ag fáil beartáin bhia ó mhuintir na háite chomh maith le málaí codlata agus blaincéid. D’fhreastal na mílte daoine ar ollslógaí ag tacú leis na hoibrithe.

Thaisteal ceathar oibrí dhéag go Baile Átha Cliath inné freisin agus ghabh siad seilbh ar oifig Deloitte sa mhórchthair, ag déanamh agóide faoi láimhseáil na glacadóireachta. D’ainneoin gur glaodh na Gardaí isteach in éadan na n-oibrithe, níor fhág siad go dtí gur labhair siad le hionadaithe ó Deloitte.

Arsa urlabhraí éirígí Daithí Mac an Mháistír, “Ba chóir na hoibrithe ag Criostal Phort Láirge a mholadh as an ghníomh atá déanta acu chun a slí bheatha a chosaint, go háirithe san aeráid eacnamaíochta seo.

“Leis an nochtadh go bhfuil ceann na ceannaitheoirí féideartha ag iarraidh an bhranda amháin a choinneáil agus ní duine ar bith den lucht saothair, éiríonn sé níos soiléire fós go raibh ar na hoibrithe ag an mhonarcha lámh a fháil ar an scéal.

D'ardaigh oibrithe an Camchéachta, the Starry Plough, os cionn na monarchan
D'ardaigh oibrithe an Camchéachta, the Starry Plough, os cionn na monarchan

“Bhí cruinnithe ag na ceardchumainn le David Carson, gan dul chun cinn, tháinig Martin Cullen ó rialtas na Sé Chondae Fichead amach le rá gur mhaith lena rialtas go bhfanfadh an branda in Éirinn.

“Ní raibh aon drogall ar an rialtas céanna na billiúin Euro a dháileadh ar lucht na mbanc, ach fós níl aon deifear orthu teacht i gcabhair ar oibrthe Phort Láirge ar bhealach ar bith.”

Mar chríoch, dúirt Daithí, “Tá tacaíocht gach poblachtach, sóisialaí agus forchéimní tuillte ag na hoibrithe i gCill Bharra, agus ta dúill againn go réiteofar an scéal chun sásamh na n-oibrithe. I mbliana cuimhnímid céad bliain ó bhunú Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, ceardchumann Jim Larkin. Thaispeáin na hoibrithe seo dúinn go léir go bhfuil gá le ceardchumannachas cathach sa tréimhse seo nuair a bheas cearta agus coinníollacha oibrithe i mbaol.”

Source: éirígí